T4D

ColaisteChilliain - Ceol

Ceol

Tá an-áthas ar Choláiste Chilliain a bheith páirteach san ócáid seo sa Cheoláras Náisiúnta ó thosaigh sé.  Tá cúrsaí ceoil agus go háirithe ceol traidisiúnta mar chuid lárnach de chultúr na scoile seo ó bunaíodh í, le ceoltóirí den scoth ag múineadh anseo.

Táimid an-bhuíoch de Bhord Oideachais & Oiliúna Átha Cliath & Dhún Laoghaire agus lucht eagrúcháin na hócáide seo seans a thabhairt dúinn ár ndaltaí a chuir ar an ardán chun a gcuid dtallann a léiriú bliain i ndiaidh bliana.  Tá sé anois mar ócáid tábhachtach ar fhéilire na scoil-bhliana.

Tugann sé sprioc dár ndaltaí chuile bhliain ard-chaighdeán cheoil a bhaint amach agus gach aon rud a d'fhoghlaim siad sna ranganna breise cheoil a chur i láthair.
Sa scoilbhliain 2014/15 chas an grúpa cheoil sa Cheoláras Náisiúnta arís, chasadar sa Mhuileann (Mill Centre, Cluain Dolcáin) agus chasadar dár gcuairteoirí ón Ostair. Bliain iontach gnóthach ach tairbheach a bhí ann agus ár mbuíovhas don obair uilig.

Is faoi stiúir Nóra Ní Raghallaigh agus Mairéad Nic Mhathúna atá an grúpa.  Comhghairdeas libh ar fad idir dhaltaí agus mhúinteoirí.

  An Grúpa Ceoil sa Cheoláras Náisiúnta
Ar Lean...
 




Coláiste Chilliain, Bóthar Nangor,
Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22
+353 (0)1 457 4888
+353 (0)1 459 3741
Cóipcheart © 2017 Coláiste Chilliain. Gach ceart ar cosaint.