1. Socrófar líon na n-áiteanna do bhliain scoile ar bith le linn na scoilbhliana roimh ré.
2. Tabharfar tús áite d’iarratais a dhéanfar roimh 31ú Nollaig sa bhliain roimh tosú don dalta sa choláiste.
3. Tabharfar tús áite d’iarratais chláraithe de réir an ord seo leanas:
(a) Deartháireacha agus deirfiúracha daltaí agus iardhaltaí i gcomhar le polasaí an Choiste Gairmoideachais faoi mar a fheidhmíonn sé faoi láthair.
(b) Daltaí na mbunscoileanna lánGhaeilge áitiúla i.e. Gaelscoil Chluain Dolcáin agus Gaelscoil na Camóige.
(c) Daltaí na mbunscoileanna lánGhaeilge sin seachas iad siúd atá luaite thuas a sholáthraíonn daltaí go traidisiúnta do Choláiste Chilliain.
(d) Daltaí eile a chríochnaigh a gcuid bunoideachais trí mheán na Gaeilge.
(e) Daltaí a d’fhreastal ar Ghaelscoil cheana.
(f) Daltaí ó bhunscoileanna áitiúla a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla seachas cumas sásúil a léiriú sa Ghaeilge
4. Déanfar foirmeacha iarratais a fhaightear tar éis an sprioclá a chur ar liosta feithimh san ord ina bhfaightear iad agus ní dhéanfar iad a mheas go dtí go bhfuil cinneadh déanta i leith na n-iarratas eile.
5. Dátófar gach iarratas ar lá a fhaighte agus bainfear úsáid as an dáta seo chun ord tosaíochta a bhunú laistigh de théarmaí an pholasaí thuas.
6. Eiseofar admháil ar gach foirm iarratas a fhaightear. Is é an tuismitheoir / caomhnóir atá freagrach as a chruthú go bhfuarthas an fhoirm iarratais. Mura bhfaightear admháil laistigh de sheachtain, ní mór don tuismitheoir / caomhnóir dul i dteagmháil leis an gcoláiste láithreach.
7. Déanfaidh an Bord Bainistíochta iarratas ar áit in aon bhliain seachas i mBliain 1 a mheas.