View More

Tinreamh & Poncúlacht – Attendance and Punctuality

Samhain 7, 2025

chairde 

 

Beimid mar scoil ag díriú ar fheabhsúchán tinrimh agus phoncúlacht na ndaltaí. 

Creidimidi gColáiste Chilliain, go bhfuil tinreamh maith riachtanach chun cabhrú le daltaí barrfheabhais a bhaint amach. Bíonn gach la scoile ag tógail ar an bhfoghlaim agus tá sé tabhachtach go mbíonn daltaí i láthair ionas nach gcaillfidís amach ar eispéiris luachmhara fhoghlama. 

Cinnte, aithnímid go mbíonn amanna i rith na bliana nuair nach mbíonn scoláirí in ann teacht ar scoil. Le bhur dtoil coiméad iad sa bhaile go dtí go bhfuil siad ar fónamh arís sa chás seo. Iarraimid oraibh nuair is féidir coinní a eagrú taobh amuigh den lá scoile agus nótaí a líonadh ar aip na scoile chomh luath agus is féidir aon am a bhíonn do mhac/iníon as láthair nó déanach. 

 

Beimid ag díriú ar na céimeanna seo chun feabhas a spreagadh sa tinreamh agus poncúlacht i gColáiste Chilliain. 

1. Cumarsáid a dhéanamh le tuismitheoirí/caomhnóirí agus taifead cruinn a choiméad ar aslaithreachas: Is féidir le tuismitheoirí monatóireacht a dhéanamh ar thinreamh an dalta ar aip na scoile nó ar VSWare. Cuireann an aip fógra amach nuair a bhíonn do pháiste as lathair nó deanach ag teacht ar scoil. 

(mar eolas, ma bhíonn dalta as láthair don ghlaoch rolla i dtréimhse a haon, seoltar teachtaireacht go huathoibríoch, déantar uasdátú ar thinreamh nuair a shíníonn dalta isteach tríd an táibléad ag oifig na scoile.) Le bhur dtoil dean athbhreithniú ar thinreamh do dhalta ó thús bliana ar an aip. Má tá aon laethanta as láthair gan nóta ann, an miste leat an fáth a chur leo? 

Tríd an aip is féidir le tuismitheoirí tacú le dul chun cinn na ndaltaí. Tá níos mó sonraí le feiceáil ar VSWare freisin. Chomh maith le sin, déanfaidh an scoil teagmháil nuair a bhíonn cúis imní faoi thinreamh agus poncúlacht. Tá failte romhat teagmháil a dhéanamh linn má tá buairt ort faoi do mhac/iníon. 

2. Dea-nósanna agus tuiscint a spreagadh: beidh gníomhaíochtaí, comórtais idir-ranga agus feachtais tinrimh ar siúl chun béim a chur ar thábhacht an tinrimh. Moltar do dhaltaí machnamh a dhéanamh agus dea-nósanna a chur i bhfeidhm. 

3. Aitheantas: Bímid ag tabhairt aitheantais do dhaltaí le tinreamh iontach agus feabhsaithe i rith na bliana go neamhfhoirmiúil agus trí ghradam na scoile.

Anuraidh, mar scoil bhí ráta tinrimh 88% againn, tá sé mar sprioc againn ráta tinrimh 92% a bhaint amach i mbliana, le tacaíocht uaibh.

Mar eolas: 

90% tinreamh = is ionann sin agus 16 lá scoile a chailleadh. Is féidir leis an asláithreachas seo cur isteach ar dul chun cinn an dalta. 

5 noiméad déanach gach lá = is ionann sin agus 14 uair scoile caillte, 2 lá iomlán.  

 

Cabhraíonn dea-thinreamh le daltaí fás agus forbairt san fhoghlaim a bhaint amach, a gcaidrimh shóisialta a fheabhsú agus deiseanna a aimsiú. Creidimid go láidir gur phríomhpháirtí sibhse na tuismitheoirí/caomhnóirí le dul chun chun cinn san dea-nósanna seo. 

Go raibh maith agaibh ar bhur dtacaíocht agus spreagadh.

 

Iarraimid oraibh labhairt le do mhac/iníon faoin dtopaic seo agus aon nótaí a chur leis an aip. 

Má tá ceisteanna agaibh nó má theastaíonn tacaíocht uaibh, déan teagmháil linn ar scoil.

Má ta fadhbanna agat le aip na scoile is féidir tacaíocht a lorg ag support@uniqueschools.ie

 

  

Dear Parent(s)/ Guardian(s), 

  

As a school we will be focusing on improving student attendance and punctuality. In Coláiste Chilliain we believe that good attendance is essential for students to achieve their full potential. Each day of school builds on learning and being present ensures that students do not miss out on valuable educational opportunities.  

Of course, we recognise some absences cannot be avoided, please continue to keep students at home when they are unwell.  We ask that you organise appointments outside of school hours, when possible and to submit absence excuse notes on the School App as soon as possible.  

  

We will be focusing on these steps to improve attendance and punctuality:  

 

1. Communication with parents/guardians and accurate attendance records: Parents can monitor their child’s attendance record through the school app and VSware. Parents also receive updates through the app when their child is absent or arrives late to school. (Please note that if a student is absent for the roll call in their 1st class a text message is automatically sent out to inform you. Attendance is updated when the student signs-in using the device located at the front office) Please review your student’s attendance so far this year on the app. If you spot any “Unexplained” absences, make sure to submit a reason. By checking these statistics throughout the year, you can actively monitor and support their progression. You can also monitor your student’s detailed attendance and progress by logging in to VSware.

The school will also contact home where concerns about attendance and punctuality are raised. If your child is experiencing difficulties that affect attendance, please contact us at the school. 

2. Promoting positive habits and awareness:  we will run initiatives, interclass competitions and awareness campaigns to place a focus on the importance of attendance. Students will be encouraged to reflect and build positive habits. 

3. Recognising student’s efforts: We will recognize and reward excellent and improved attendance informally and through our school awards. 

  

Last year our rate of attendance as a school was 88%. We aim to achieve 92% attendance by the end of this school year with your support.  

  • 90% Attendance = Missing 16 days of school in a year which can impact progress significantly. 

  • 5 minutes late everyday = 14 hours of school missed which equals 2 full days.  

Being in school every day helps students grow in their learning, strengthen friendships and open doors to future opportunities. Parents are key partners in building this positive habit. Thank you for your encouragement and support. 

  

 

Please speak with your student on this topic and update all notes on the app. 

If you have any questions or need support regarding attendance, please contact your student’s Class Teacher, Year Head or the Deputy Principal. 

If you have any issues with the School app please contact the app helpdesk for support at support@uniqueschools.ie 

 

 

Le gach dea-ghuí 

Coláise Chilliain