Comhghairdeas ollmhór le Tighe Mac Muiris (Bl.1) a rith i gCraobhchomórtais Tras-Tíre Bhaile Átha Cliath faoi-14 agus tháinig sé sa 4ú háit i mBaile Átha Cliath. Chiallaigh sé seo gur cháiligh sé do na Craobhchomórtais Náisiúnta i nDoire. Rith Tighe rás iontach freisin i nDoire Dé Domhnaigh an 23ú Samhain agus tháinig sé sa 12ú háit in Éirinn. Bhain sé bonn amach mar dhuine aonair agus fuair sé bonn Óir freisin d’fhoireann Bhaile Átha Cliath agus cré-umha dá chúige. Táimid an-bhródúil as éachtaí Thighe agus ag súil go mór le é a fheiceáil i gcomórtais eile sa todchaí.
A huge congratulations to Tighe Mac Muiris (1st year)who ran in the Dublin Under-14 Cross Country Championships and came 4th in Dublin. This meant he qualified for the National Championships in Derry. Tighe also ran a great race in Derry on Sunday 23rd November and came 12th in Ireland. He won an individual medal and also received a Gold medal for the Dublin team and a Bronze for his province.We are very proud of Tighe’s achievements and look forward to seeing him in other competitions in the future.
