A chairde,
Ba mhaith linn meabhrú daoibh go bhfuil roinnt daltaí agus baill foirne sa Choláiste a bhfuil ailléirge acu ar chnónna agus ar tháirgí cnónna.
D’fhéadfadh duine a bhfuil ailléirge thromchúiseach cnónna acu frithghníomhú dian ar a dtugtar Turraing Anaifiolachtach a fhulaingt nuair a thagann siad i dteagmháil leis an ailléirgin seo trí bhia ina bhfuil cnónna a ithe nó teagmhál a bheith acu leo.
I gcásanna áirithe, is féidir an frithghníomhú ailléirgeach seo a spreagadh trí lámh a chur ar dhromchlaí nó trí theagmháil aeriompartha.
Mar sin, tá cosc iomlán ar cnónna ná aon táirge ina bhfuil cnónna a thabhairt isteach sa Choláiste.
Ciallaíonn sé seo nach ceart an saghas bia seo a leanas* a thabhairt isteach sa scoil:
1. Pacáistí cnónna
2. Ceapairí piseanna talúin ná Nutella
3. Barraí torthaí agus gránaigh ina bhfuil cnónna
4. Barraí seacláide nó milseáin ina bhfuil cnónna
5. Rollaí síolta sesame (d’fhéadfadh frithghníomhú dian a bheith ag duine atá ailléirgeach ar chnónna ar sesame freisin)
6. Táirgí ina bhfuil cnó cócó nó cnó coill
7. Cístí déanta le cnónna
8.Aon bhéilí baile-chócaráilte le haghaidh lónta pacáilte atá déanta as cnónna nó a d’fhéadfadh rian cnónna a bheith ann.
*Ní liosta uileghabhálach é seo.
We would like to remind you that there are a number of students, teachers and members of our school community who have a serious allergy to nuts and nut products.A person with a serious nut allergy can suffer a severe reaction called Anaphylactic Shock when they come into contact with this allergen by consuming or touching a nut-containing food. In some cases, this allergic reaction can be triggered by touching surfaces or through airborne contact with the allergen. We would therefore advise that nuts or any product containing nuts are not permitted in the school.
This means that the following items* should not be brought into school:
*This is not an exhaustive list.
Míle buíochas as ucht an chomhoibriú.