Comhghairdeas ó chroí le daltaí na hIdirbhliana iontacha ar cur i láthair ‘Oíche ar an Ardán’ den scoth. Bhí a gcroí agus a n-anam sna hullmhúcháin, sna cleachtaí agus léirigh siad tiomantas ón gcéad lá agus b’éacht é sin. Ba mhór an pléisiúr a bheith ag obair leo.
Táimid an- bhródúil as an gcur i láthair, cúl stáitse agus chun tosaigh agus táimid an-uaigneach gan iad cheana féin ar tráthnóna Dé Céadaoin!
Daoibh siúd ar fad a ghlac páirt, beag ná mór, ó dhaltaí a bhí ag obair go ciúin sa chúlra go daltaí a bhí ar an ardán, maith sibh, bhí sibh ar fad go hiontach.
Huge congratulations to our fantastic TY students on a very successful Oíche ar an Ardán. They were such a pleasure to work with and they put their heart and soul into the preparation, into rehearsals and demonstrated true commitment from day one. And what an achievement!
We are beyond proud of the amazing performances they gave, on stage and behind the scenes and we’re missing them already during Wednesday afternoons!
To all students involved, from those working quietly in the background to those on stage, maith sibh, bhí sibh ar fad go hiontach.