View More

Oíche Fáilte don Chéad Bhliain

Meán Fómhair 29, 2026

Bhi oíche álainn againn an tseachtain seo caite ag cur fáilte roimh dhaltaí sa chéad bhliain, Rang Beithe, Rang Draighin agus Rang Guise. Chas an rang ceoil port binn dúinn agus rinne beirt ó gach rang óráid faoi shiombalachas na gcrann.

Labhair na cinniri ábhar faoina hábhair atá ar fáil sa cholaiste agus na buntaistí a bhaineann leo.

Bhí áthas orainn dhá sparánacht a bhronnadh ar Amy Ní Chonaill agus Cian Ó Flionn, Coláiste Chilliain 2026, ar son Cairde Chilliain. Guímid gach rath orthu agus lad ag freastal ar an ollscoil. Is eiseamláirí iad dár ndaltaí nua.

Tús maith don chéad bhliain, táimid ag súil leis an aistear nua seo daoibh i gColáiste Chilliain. Mar a deireann an seanfhocal: Tús maith leath na hoibre!