View More
Tuismitheoirí Parents
Sa chuid seo freisin Also in this section

Cairde Chilliain Parents’ Association

Is é Cairde Chilliain cumann na dtuismitheoirí sa choláiste agus tacaíonn Cairde go mór le dul chun cinn na scoile. Eagraíonn siad imeachtaí éagsúla ó am go chéile ar mhaithe le tuismitheoirí agus daltaí an choláiste. Bítear an-bhuíoch de thuismitheoirí a chaitheann a gcuid ama go fial chun cur le himeachtaí scoile agus chun an saol dá ndaltaí a shaibhriú.

Thar na mblianta, tá airgead a bhailigh Cairde caite ar an bpáirc uile-aimsire (a thuileann airgead don Choláiste agus do Ghaelscoil Chluain Dolcáin), ar threalamh spóirt, trealamh ceoil, córas fuaime, acmhainní leabharlainne, scoláireachtaí ollscoile, ríomhairí, iPadanna, eachtraí idirbhliana agus iliomad eile. I mbliana bhailigh siad airgead chun oifig an Chomhairleoir Treorach a athchóiriú.

Bíonn cruinnithe rialta ag Cairde. Bíonn an príomhoide i láthair go hiondúil chun cur le plé an ghrúpa agus le tuairimí Chairde a lorg i dtaobh polasaithe nua, athbhreithniú agus cur i bhfeidhm na bpolasaithe úd.

Cairde Chillian is the parents association of Coláiste Chilliain. It is made up of interested parents who organise fundraising activities in conjunction with the school. We greatly appreciate all the help given us by the students and teachers with fundraising.

Parents are encouraged to partake in the activities of Cairde Chilliain. In recent years monies raised have gone towards the provision of the astro turf pitch which in turn has become a source of income for Coláiste Chilliain and Gaelscoil Chluain Dolcáin. Cairde has also contributed towards the provision of sports gear and equipment, music equipment, scholarships and TY events as well as interactive whiteboards, computers, library facilities, intercom system and more. This year Cairde raised money to renovate the guidance councillor’s office.

Meetings are held on a regular basis. The Principal attends as often as possible to contribute and to seek Cairde’s opinions with regard to new policies, policy reviews and policy implementation.