Is iad an dúchas agus an t-oideachas agus iad nasctha go dlúth an dá chloch ba mhó a bhí ar phaidrín lucht bunaithe Choláiste Chilliain sa bhliain 1981 agus an coláiste ag teacht ar an bhfód. Seasann an coláiste go mórtasach anois mar mhúnla do scoileanna lán-Ghaeilge eile ar fud na tíre a bunaíodh ó shin i leith.
Tugtar dúshlán na ndaltaí machnamh a dhéanamh ar uaisleacht a gcine, ar a ndílseacht dá ndúchas Gaelach agus ar a bhféinmheas chun daoine misniúla, macánta, freagracha agus oilte a chothú le haghaidh a thabhairt go muiníneach ar shochaí ilghnéitheach mar shaoránaigh Éireannacha.
Éiríonn le fealsúnacht oideachais Choláiste Chilliain agus tá a chruthú sin le feiceáil sna daltaí a shiúlann thar thairseach an choláiste agus sé bliana caite acu ann. Is féidir linn – daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí – aghaidh a thabhairt go dóchasach, dúshlánach ar an saol atá romhainn amach agus beidh “ár ndúchas slán”.
Tabharfaidh an suíomh idirlín seo blaiseadh agus spléachadh éigin daoibh ar an obair a bhíonn ar siúl i gColáiste Chilliain agus ar an atmaisféar sármhaith atá le haireachtáil ann. ‘Séard atá sa suíomh ná fuinneog inar féidir dúthracht agus díograis na foirne, éachtaí na ndaltaí agus ionchur agus dílseacht na dtuismitheoirí a shonrú agus é seo ar fad faoi stiúir an Bhoird Bhainistíochta. Feicfear foirgneamh leis na háiseanna múinteoireachta is déanaí, seomraí praiticiúla maisithe amach leis an trealamh is fearr agus tabharfar léargas ar an luí atá ag an scoil le teicneolaíocht na faisnéise agus a húsáid i Focal ón bPríomhoide
Is iad an dúchas agus an tgcur chun cinn an chlár is leithne oideachais.
Táimid go mór faoi chomaoin ag ár bpátrúin Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire as a dtiomnú don scoil, a stiúir gan trácht ar a chomhoibriú agus a shíorthacaíocht.
Molaim an coláiste daoibh agus fáiltím romhaibh cuairt a thabhairt orainn agus a bhfuil ar fáil againn a fheiceáil.
Beirigí bua,
Feargal Ó Giolláin.
Principal’s Address
The pursuit of pride in our cultural and linguistic heritage together with the attainment of a quality education were the two main ideals which shaped the thinking of those responsible for the foundation of Coláiste Chilliain in 1981. The college has been a proud model for many all-Irish schools throughout the country in the years since its establishment.
Students are challenged to reflect on their nobility as a people, on their loyalty to their Irish heritage and on their self-respect to produce reliable, honest, responsible and educated young people who will confidently take their place in a pluralist society as Irish citizens.
The educational philosophy of Coláiste Chilliain succeeds and the past students who have spent six years with us are a testament to this. We can all, students, teachers and parents look forward to a bright but challenging future but one where we can say “Ár nDúchas Slán”.
This website will give you some idea of the work being carried out in Coláiste Chilliain as well as an indication of the wonderful atmosphere that can be experienced in the school.
The site is a window through which one can view the dedication of our staff, the feats of our students and the loyal input of our parents all under the direction of the Board of Management. One can observe a building with the latest teaching facilities, practical rooms fitted out with the best of equipment and the way that the school focuses on Information Technology as an effective way to communicate the broadest possible curriculum.
We are very grateful to our patrons Dublin and Dún Laoghaire Education and Training Board for their dedication, their direction, cooperation and continuous support.I welcome you to our school.
Le Gach Dea-Ghuí,
Feargal Ó Giolláin