An Córas Cinnireachta
I gColáiste Chilliain, déanaimid iarracht ceannaireacht i measc na ndaltaí a chur chun cinn. Cuireann na daltaí sa cheathrú agus sa chúigiú bliain iarratais isteach ar ról mar Chinnire. Cuirtear faoi agallamh iad maidir lena scileanna ceannaireachta, cur chuige oibre, cur chun cinn na Gaeilge agus scileanna cumarsáide. Bronntar róil éagsúla orthu, ag brath ar na scileanna is fearr a léiríonn siad- Cinnire Gaeilge, Cinnire Spóirt agus Cinnire ag Ceantar na dTaisceadán. Cabhraíonn na Cinnirí le gníomhaíochtaí scoile agus oibríonn siad le múinteoirí le hócáidí scoile ar nós Oíche Ghradam Bhliain 6, Seachtain na Gaeilge agus ócáidí spóirt. Leis seo, leanaimid mana na scoile: Ár nDúchas Slán.
Student Leadership Structure
At Coláiste Chilliain, we strive to promote leadership amongst our students. Fourth and Fifth year students are given the opportunity to submit applications for the role of Cinnire. They are interviewed to assess their leadership abilities, work approach, promotion of the Irish language and communication skills. Students are then awarded different roles, depending on the skills they display for example; Irish language Cinnire, Sports Cinnire and Lockers Cinnire. The Cinnirí help with school activities and work with teachers on school events such as Year 6 Awards, Seachtain na Gaeilge and sporting events. This student leadership model ingrains and ensures our school’s motto: Ár nDúchas Slán.